Leabharlann an Ghréasaí Bhoicht
Fáilte romhaibh a ghaeilgeoirí ionúine!
Féach ar mo shuíomh ar archive.org anso leis. Bíom ag déanamh téacsanna dátheangacha ar son na bhfoghlaimeóirí (parallel texts) agus tá cúpla ceann díobh le fáil cheana féin. Agus taifeadaí ón leabhar Teach Yourself Irish gur chuireas feabhas orthu, dar liom.
Páca cártaí cuimhne (flashcards) chun cleachtaí réimnithe a dhéanamh agus do chuid Gaelainne do leasú (le cúnamh Dé) Munster Irish Conjugation.
Leabhair Ghaelainne atá agam
- Beatha Theobald Wolfe Tone. Pádraig Ó Siochfhradha (an Seabhac) a dh'aistrigh. An Dara Cur-amach (1937)
- Beathaí Phlútairc a d'aistrigh Pádraig De Brún ón nGréigis (1936)
- Scéal mo Bheatha a dh'innis Domhnall Bán Ó Céileachair agus a dh'athchóraigh Seán Ua Súilleabháin (2008)
- Aodh Ruadh leis an Athair Peadar Ua Laoghaire
- Seanchas an Táilliúra le Tadhg Ó Buachalla; eag. Aindrias Ó Muimhneacháin
- Fiche Blian ag Fás le Muiris Ó Súilleabháin
- ... agus cúpla ceann eile
Athscríobh agus eagráin digiteacha
Ba mhaith liom eagrán digiteach a chur amach de cheann desna leabhair sin. D'á bhrígh sin táim ag foghlaim conas OCR a dhéanamh go cruinn agus go baileach agus rudaí den tsórd san.
An ceann tosnaithe: Beatha Theobald Wolfe Tone ll. 1-11.
Tá an leabhar Phádraig Uí Shiochfhradha go léir curtha suas ar archive anso ag Cló Ros Nua! Ardfhear!
- Fiche Blian ag Fás le Muiris Ó Súilleabháin: tá an leabhar le fáil anso: https://github.com/cavedave/FicheBlian
Do thosnaíos ar mhaise a chur ar an eagrán digiteach agus ar cheartú an téisc 7rl. Tá súil agam go mbeidh sé ullamh agam gan mhoill.
- Aodh Ruadh leis an Athair Peadar Ua Laoghaire
Tá an téics digiteach, .i. an macshamhail i leagan .txt, agam cheana féin.
- Seanchas an Táilliúra le Tadhg Ó Buachalla; eag. Aindrias Ó Muimhneacháin
Ní foláir dom an leabhar a scanáil ar dtúis. I ndeireadh bára déanfad é.
Abhar foghlama le déanamh
- Páca cártaí cuimhne nua le foclóir is abairtí ón leabhar léinn fén dteideal Teach Yourself Irish